Letra da Música Cailín A' Tsléibhe Ruaidh de Aoife Ní Fhearraigh
Que bom que você chegou até aqui!
Veja abaixo a letra da música que separamos para você!
'gCluin sibh mise 'bhuachaillí
An méid agaibh 'tá libh féin
Suígí thart fán tinidh anseo
Go n-insí mé mo scéal
Bhí buachaill ar a' bhaile seo
'Bhí súgach aerach suairc
Agus tháinig sé 'dhénamh cleamhnais
Le cailín a' tsléibhe ruaidh
A spéirbhean álainn aigeantach
Ba deise méin is clú
Bí 'teacht liom féin le dúscadh 'n lae
Go bpóstar mé 'gus tú
Bí 'teacht liom féin amárach
'S ná bíodh ort brón ná gruaim
Is cuirfidh mé gúna síoda ort
A chailín a' tsléibhe ruaidh
Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh
Cad é ba chóir di 'rá
Ach a' dealramh 'bhí ina súile
Den oíche go ndéanfadh lá
A rún mo chroí 'nois díbir thusa
Mearadh 'n ghrá seo uait
Nó is rún liom fanacht díomhain seal
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh
A mhaidhdean mhaiseach mharánta
Cad é seo 'tá tú 'rá
Dearc síos a' gleann faoi bhuach na mbeann
Is breathnaigh mo chuid barr
Tá togha na bhfear 'sna mbeathach agam
Ag obair ann go cruaidh
'S tá stór is maoin go leor agam
Do chailín a' tsléibhe ruaidh
Má tá stór is maoin go leor agat
Ní domhsa is fearrde é
Nó deirtear liom go n-ólfá thusa
Maoin a' tsaoil go léir
'Do shuí suas 'dtigh an óstaí
'Do dhrabhlás bhocht gan chéill
Ar feadh na hoích' ag ól 's a' gabháil
'Na bhaile le bánú 'n lae
Más fear mé 'tá 'g ól, a chailín chóir
Ní ólaim ach mo chuid féin
Chan tú 'tá 'g íoc ar son na dí
Níl agat pingin mar spré
Is anois ná síl go bhfuil mo chroí
Bocht briste de do chumhaidh
Nó fágaim thú mar fuair mé thú
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh
An méid agaibh 'tá libh féin
Suígí thart fán tinidh anseo
Go n-insí mé mo scéal
Bhí buachaill ar a' bhaile seo
'Bhí súgach aerach suairc
Agus tháinig sé 'dhénamh cleamhnais
Le cailín a' tsléibhe ruaidh
A spéirbhean álainn aigeantach
Ba deise méin is clú
Bí 'teacht liom féin le dúscadh 'n lae
Go bpóstar mé 'gus tú
Bí 'teacht liom féin amárach
'S ná bíodh ort brón ná gruaim
Is cuirfidh mé gúna síoda ort
A chailín a' tsléibhe ruaidh
Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh
Cad é ba chóir di 'rá
Ach a' dealramh 'bhí ina súile
Den oíche go ndéanfadh lá
A rún mo chroí 'nois díbir thusa
Mearadh 'n ghrá seo uait
Nó is rún liom fanacht díomhain seal
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh
A mhaidhdean mhaiseach mharánta
Cad é seo 'tá tú 'rá
Dearc síos a' gleann faoi bhuach na mbeann
Is breathnaigh mo chuid barr
Tá togha na bhfear 'sna mbeathach agam
Ag obair ann go cruaidh
'S tá stór is maoin go leor agam
Do chailín a' tsléibhe ruaidh
Má tá stór is maoin go leor agat
Ní domhsa is fearrde é
Nó deirtear liom go n-ólfá thusa
Maoin a' tsaoil go léir
'Do shuí suas 'dtigh an óstaí
'Do dhrabhlás bhocht gan chéill
Ar feadh na hoích' ag ól 's a' gabháil
'Na bhaile le bánú 'n lae
Más fear mé 'tá 'g ól, a chailín chóir
Ní ólaim ach mo chuid féin
Chan tú 'tá 'g íoc ar son na dí
Níl agat pingin mar spré
Is anois ná síl go bhfuil mo chroí
Bocht briste de do chumhaidh
Nó fágaim thú mar fuair mé thú
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh
Outras Músicas de Aoife Ní Fhearraigh
Conheça aqui outras músicas de Aoife Ní Fhearraigh que você poderá gostar.
A Neansaí 'mhíle GráAfter The GoldrushAinnir Dheas Na Gciabhfholt DonnAnsacht Na NansachtBonny PortmoreCailín Na Gruaige BáineCailín RuaCaitlín TriallCaledoniaDanny BoyFare Thee WellMaggieMo Ghrá Thú (salm 17)Mo Ghrá-Sa Mo DhiaNeidinNever Be The SunNíl Sé 'na LáNuair A Bhí Mise ÓgReady For The StormSeacht Suáilcí Na Maighdine MuireTa Gliondar Sa Saol Cuardaimis EThe Best Is Yet To ComeÚrchnoc Chéin Mhic Cáinte
Baixar Música Cailín A' Tsléibhe Ruaidh (Aoife Ní Fhearraigh) em MP3
Você pode baixar (fazer o download) ou ouvir diretamente a música Cailín A' Tsléibhe Ruaidh de Aoife Ní Fhearraigh no seu celular ou computador através do player abaixo.
Ouvir "Cailín A' Tsléibhe Ruaidh"na Amazon Music UnlimitedOuvir "Cailín A' Tsléibhe Ruaidh"
na Amazon Music UnlimitedBaixar Música Agora!
Ficha Técnica da Música Cailín A' Tsléibhe Ruaidh
Número de Palavras | 236 |
Número de Letras | 2162 |
Intérprete | Aoife Ní Fhearraigh |
Na tabela acima você vai encontrar dados técnicos sobre a letra da música Cailín A' Tsléibhe Ruaidh de Aoife Ní Fhearraigh.